(AGENPARL) - Roma, 10 Giugno 2026 -
Il Taoiseach, Micheál Martin, il Tánaiste, Simon Harris, il Ministro Helen McEntee, il Ministro Thomas Byrne e il Ministro Seán Canney hanno pubblicato il Programma politico per la prossima Presidenza irlandese del Consiglio dell’Unione europea. L’Irlanda deterrà la Presidenza dell’UE dal 1° luglio al 31 dicembre 2026.
Il Taoiseach ha dichiarato: “Tra tre settimane, il 1° luglio, l’Irlanda inizierà la sua ottava Presidenza del Consiglio dell’Unione europea. Oggi abbiamo definito un’agenda ambiziosa per la nostra Presidenza, incentrata sui temi centrali della competitività, dei valori e della sicurezza. Durante la Presidenza, l’Irlanda lavorerà a stretto contatto con i partner europei per affrontare le sfide che l’Unione si trova ad affrontare oggi e per sostenere risultati concreti che vadano a beneficio delle persone, delle imprese e delle comunità in Irlanda e in Europa”.
Il Tánaiste ha dichiarato: “Durante i sei mesi di presidenza, i ministri irlandesi presiederanno le riunioni del Consiglio e contribuiranno a portare avanti l’agenda legislativa e politica dell’UE. Tale agenda deve essere sostenuta da un bilancio UE moderno ed efficace. La presidenza irlandese si impegnerà a far progredire le discussioni sul bilancio in modo costruttivo e pragmatico, a sostegno dei nostri più ampi obiettivi economici”.
Il ministro McEntee ha affermato: “La presidenza irlandese giunge in un momento importante per l’Europa e l’ampiezza delle nostre ambizioni riflette la portata delle sfide e delle opportunità che l’Europa si trova ad affrontare oggi. Durante la nostra presidenza, sottolineeremo l’importanza del ruolo globale dell’UE, il suo sostegno al multilateralismo e il suo impegno per la promozione dei diritti umani, della democrazia e dello Stato di diritto. Porteremo inoltre avanti un’ambiziosa agenda commerciale, lavorando per rafforzare le nostre relazioni commerciali e diversificare i nostri mercati, quale contributo essenziale alla competitività e alla prosperità europea”.
Il Ministro Byrne ha dichiarato: “L’allargamento dell’UE è un investimento in pace, sicurezza, stabilità e prosperità in tutta Europa. Credo che i nostri concittadini europei nei paesi candidati possano beneficiare dei vantaggi della cittadinanza europea. La nostra Unione sarà rafforzata dal contributo che i nuovi Stati membri apporteranno. Durante la nostra Presidenza dell’UE, lavoreremo per il completamento dei negoziati di adesione con il Montenegro e cercheremo di compiere progressi sostanziali nei negoziati con Albania, Moldavia e Ucraina”.
Il Ministro Canney ha dichiarato: “L’Irlanda ospiterà 22 riunioni ministeriali informali, oltre a un vertice della Comunità politica europea e a una riunione informale del Consiglio europeo. Le riunioni offrono l’opportunità di mostrare il meglio dell’Irlanda ai nostri partner europei. La Presidenza irlandese dell’UE garantirà che le riunioni che si terranno qui siano produttive nell’interesse di ottenere risultati positivi per l’Europa e i suoi cittadini”.
Il sito web, il logo, lo slogan e l’immagine coordinata della Presidenza sono stati lanciati oggi. Un calendario degli eventi della Presidenza è disponibile su www.Ireland2026.eu o su www.Eire2026.eu
Foilsíonn an Rialtas an Clár Beartais um Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Rinne an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Simon Harris, an tAire Helen McEntee, an tAire Thomas Byrne agus an tAire Seán Canney an Clár Beartais um Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a gcuirfear tús léi go luath, a fhoilsiú. Beidh Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh ag Éirinn ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026.
A ndúirt an Taoiseach: “I gceann trí seachtaine, an 1 Iúil, rachaidh Éire i gceann na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh den ochtú huair. Inniu, tá clár oibre uaillmhianach á leagan amach againn i leith ár nUachtaránachta, ina ndírítear ar an iomaíochas, ar luachanna, agus ar an tslándáil, ar príomhthéamaí iad go léir. Mar chuid den Uachtaránacht, oibreoidh Éire i ndlúthchomhar lena comhpháirtithe Eorpacha d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá le sárú ag an Aontas san am i láthair agus chun tacú le torthaí praiticiúla a rachadh chun sochair do dhaoine, do ghnólachtaí agus do phobail ar fud na hÉireann agus ar fud na hEorpa.”
A ndúirt an Tánaiste: “Le linn théarma sé mhí na hUachtaránachta, déanfaidh Airí Éireannacha cathaoirleacht ar chruinnithe den Chomhairle agus cabhróidh siad clár oibre reachtach agus beartais an AE a chur chun cinn. Ní foláir buiséad nua-aimseartha agus éifeachtach den AE a bheith ina bhunús leis an gclár oibre úd. I gcaitheamh Uachtaránacht na hÉireann, oibreofar chun dul chun cinn a dhéanamh, ar bhealach cuiditheach agus pragmatach, i leith an phlé ar an mbuiséad chun tacú leis na mórchuspóirí eacnamaíocha atá againn.”
A ndúirt an tAire McEntee: “Rachaidh Éire i gceann na hUachtaránachta tráth atá nithe tábhachtacha ag titim amach san Eoraip, agus is léir, mar gheall ar a mhó atá ár n-uaillmhian, go bhfuil dúshláin nach beag le sárú ag an Eoraip san am i láthair. Le linn ár nUachtaránachta, cuirfimid béim ar a thábhachtaí atá ról domhanda an AE, ar thacaíocht an AE don iltaobhachas, agus ar an obair arna déanamh ag an AE chun cearta an duine, an daonlathas, agus an smacht reachta, a chur chun cinn. Is uaillmhianach an clár oibre trádála a bheidh againn freisin, agus beimid ag obair chun ár gcaidreamh trádála a neartú agus ár margaí a éagsúlú, rud a bheidh bunriachtanach chun treisiú le hiomaíochas agus rathúnas na hEorpa.”
A ndúirt an tAire Byrne: “Is infheistíocht sa tsíocháin, slándáil, cobhsaíocht agus rathúnas ar fud na hEorpa é méadú an AE. Creidim gur féidir lenár gcomh-Eorpaigh i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san AE tairbhe a bhaint as na buntáistí a bhaineann le saoránacht den AE. Neartófar ár nAontas leis an rannchuidiú a thugann Ballstáit nua leis. Le linn ár nUachtaránachta, oibreoimid chun an chaibidlíocht aontachais le Montainéagró a thabhairt chun críche agus féachfaimid le dul chun cinn suntasach a dhéanamh san idirbheartaíocht leis an Albáin, leis an Moldóiv agus leis an Úcráin.”
A ndúirt an tAire Canney: “Reáchtálfar 22 chruinniú Aireachta neamhfhoirmiúla in Éirinn, in éineacht le cruinniú mullaigh den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach agus cruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Eorpach. Tugann na cruinnithe deis an chuid is fearr d’Éirinn a thaispeáint dár gcomhpháirtithe Eorpacha. Cinnteoidh Uachtaránacht na hÉireann ar an AE go mbeidh na cruinnithe a thionólfar anseo bisiúil ar mhaithe le torthaí dearfacha a bhaint amach don Eoraip agus dá muintir.”
Seoladh suíomh gréasáin, lógó, mana agus brandáil na hUachtaránachta inniu freisin. Is féidir féachaint ar fhéilire imeachtaí uile na hUachtaránachta ag www.Éire2026.eu.